An tÚDAR (Author) Úna O Boyle

 

Úna O Boyle

An tÚdar WCM Úna O Boyle

 

Rugadh agus tógadh Úna i nDamhliag, Co. na Mí.

Thosaigh laethanta oibre Úna mar Dhearthóir Táirgí i Nua Eabhrac, i    Londain agus i mBaile Átha Cliath. Nuair a tháinig glaoch an cheoil chuici ní fada go raibh domhain an Ealaíontóra fágtha ar gcúl aici.

I 1997 bronnadh Gradam Ceoil Hot Press Heineken uirthi as a cuid oibre leis an dísreach ceoil Hyper[Borea], a raibh dearcadh nuálaíoch á chur chun  tosaigh acu ina gcuid ceapadóireachtaí ceoil.

Tar éis cúpla dlúthcheirnín ó Hyper[Borea] lean Úna le turas ceoil dá cuid féin agus tugadh “one of Ireland’s great voices” uirthi ag an bpointe sin.

Timpeall an ama seo d’fhill Úna ar an bhFicheall. Mhúin a hathair Enda, an ficheall di nuair a bhí sí níos óige ach bhrúigh cúrsaí staidéir agus        scolaíochta an ficheall i leataoibh go ceann roinnt blianta.

Chonacthas bua na fichille inti agus í ina páiste, ach mar is dual do dhéagóirí tháinig nithe ‘níos tábhachtaím’ isteach ina saol, agus lig sí maidí na fichille le sruth ar feadh scathaimh.

Fuair Úna blas ar an bhficheall arís cúpla bliain ó shin agus thosaigh sí ag glacadh páirte i gcomórtais thart ar an tír. Ag an am seo chomh maith thosaigh Úna ag múineadh fichille i nGaelscoileanna. Ins na ranganna is ea a thosaigh síol an leabhair seo ag borradh agus ag fás.

Agus í i mbun a cúraimí teagaisc tuigeadh di nach raibh aon fhoinse eolais ar bith ann sa Ghaeilge maidir le himirt fichille de, taobh amuigh de chorrthéarma i bhfoclóir agus tagairtí sa litríocht. Is dá bharr sin a tháinig an saothar seo ar an saol.

Idir an dá linn, i 2008, roghnaíodh Úna ar fhoireann ban na hÉireann do chomórtas Oilimpiad na fichille i nDresden na Gearmáine. Ba ansin a ghnóthaigh sí an gradam ‘Ábhar Máistir Mná’/WCM (= Woman’s Candidate Master) mar thoradh ar a chruthaigh sí le linn an chomórtais.

Advertisements

2 Fhreagra ar An tÚDAR (Author) Úna O Boyle

  1. Arsa Deirdre Hurley:

    Hi Una,

    Picked up on an article in the local paper about your new book Ficheall. I produce the afternoon show on LMFM radio, it’s called the Late Lunch. we’d love to have you on if you have any free time?

    If you want to contact me directly you can get me on 086 8538913.

    Le dea ghui

    Deirdre

  2. Arsa Cillian:

    Una, maith thú ar an suíomh seo agus an leabhair.
    Cillian

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s