Léirmheas

SCAIP AN SCÉAL

Marbhsháinn!

Marbhsháinn!

Is í Úna O’Boyle an chéad duine riamh a chuir peann ar phár sa Ghaeilge mar gheall ar an gcluiche cláir is cáiliúla agus is casta ar domhan, an fhicheall.
Is múinteoir fichille í Úna atá tar éis leabhar úr iontach ar scríobh,’ Ficheall’ atá oiriúnach don teagascóir agus don fhoghlaimeoir ar aon.  Le déanaí, ghlac Úna a háit ar fhoireann na hÉireann sa Cluichí Oilimpiad deireanach i Dresden na Gearmáine.

Seolfar an leabhar go h-oifigiúil ar an 5 Meán Fomhair i nDroichead Átha i gContae Lú ach tá an leabhar ar fáil le ceannach faoi láthair díreach ón údar í féin.

Sa leabhar, tá cur síos cuimsitheach ar rialacha, ar nósanna imeachta agus ar chleasanna imeartha an chluiche agus iad curtha i láthair i slí atá tarraingteach don bhfoghlaimeoir fásta agus do pháistí chomh maith.

Tá téarmaíocht ar fáil sa leabhar a bheadh oiriúnach don fhoghlaimeoir Gaeilge chomh maith, le go mbeadh a fhios ag imreoirí na difríochtaí  atá idir an Ridire agus an Easpag agus Banríon agus Ceithearnach.

Tuilleadh Eolais agus agallaimh: Úna O’Boyle; www.ficheall.com ; unaficheall@gmail.com

©Foilsithe ar Cogar.ie 26 Lúnasa 2010

Advertisements

Faoi ficheall

"Ficheall" (Chess in Irish) le WCM Úna O Boyle (WCM: Ábhar Máistir Mná-Woman's Candidate Master). Is as Damhliag, Co. na Mí Úna agus is muinteoir fichille í sna gaelscoileanna. CEOL: www.unaoboyle.net hyper-borea.com & myspace.com/unaoboyle
Ranganna: Uncategorized. Buan-nasc.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s